Ba é an dán seo an dán buaiteach ag an bhFeis Cheoil i 1903 and foilsíodh é in An Claidheamh Soluis an bhliain sin. Amhrán spreagúil é don Ghaeilge. Chum John ceol leis an amhrán in 2008 agus chuir sé véarsa leis faoi Acaill. Rinneadh é a thaifeadadh i dteannta mhúinteoirí Scoil Acla i rith Scoil Samhraidh 2008. Rinneadh an dán a rá an chéad uair go poiblí ag ceolchoirm Chomórtais Scoil Acla na bliana sin inar thiomnaigh sé an t-amhrán dá chéad gharleanbh, Seán, agus dá mhac, Seán, a fuair bás i 1995. Rinne Kathleen MacInnes, an t-amhránaí mór lé rá ceilteach agus ceol tíre Albanach, an t-amhrán a thaifeadadh ina dhiaidh sin i nGaeilge na hAlban.
________________________________________________________
This poem was the winning entry at the Feis Cheoil in 1903 and was published in An Claidheamh Solais that year. It is a motivational song for the Irish language. John put music to the song in 2008 and added a verse about Achill. It was recorded along with the teachers of Scoil Acla during the Summer school of 2008. The first public performance was at the Scoil Acla Gala Concert of that year in which he dedicated the song to his first grandchild Seán and to his son Seán who passed away in 1995. The song was subsequently recorded in Scots Gaelic by the great Scottish folk singer, Kathleen MacInnes.
lyrics
Éist! Cluinim ins gach céarda fuaim bhog dheas aoibhinn álainn,
Mar cheolta binn' na gcláirseach nó crónán ceolta sídhe -
Éist! Tá sí ag éirí 'n airde ag neartú 's ag árdú,
Ta 'n fhuaim ag éirí láidir, 'teacht chugainn ar an ghaoth:
Fan! Céard é seo ' ár dtimpeall ag ceoltóireacht 's ag sioscadh?
'Bhfuil mearbhall teacht ar m'intinn, nó an aisling é an glór?
Ní hea! Ní hea, a chairde. Tá an guth seo ins gach ceárda!
Tá teanga bhinn ár máthar ag múscailt i Maigh Eo.
Ta fuaim bhog bhinn na Gaeilge, ag dúiseacht ó na sléibhte,
Tá lúth 'teacht i na géaga 'gus éirim ina croí ;
Tá scaipeadh ar na néalta, tá 'm brón bhí urithi ag éalú
'Gus solas geal na gréine ag taithneamh uirthi arís.
Tá a glór aoibhinn uasal ag crónán in ár gcluasa,
Níos binne ná na cuacha, nó ceiliúr binn na smó1,
Ta teanga bhinn Naoimh Pádraig le cloisteáil ar na bánta,
I ngleann agus ar árdán ó cheann go ceann Mhaigh Eo.
Eist! Cluinim glór ar máthar, go geanúil is go grámhar,
Ag labhairt go múinte mánla is fiafraíonn sí dá clann ;
A' gcluin sibh mé a pháistí ? 'Bhfuil trua agaibh d' bhúr máthair
Atá go buartha cráite, gan meas uirthi nó suim ?
An ]jgfidh sibh dom éagú ar thalamh glas na hÉireann ?
Nó 'n ndéanfaidh sibh mé 'shéanadh ós coinne an tsaoil mhóir?
Tá 'n freagra teacht go láidir : "Ní baol duit choíche a mháthair!
Gus beidh tú fós go bláthmhar is faoi réim i Maigh Eo".
Tá ' n t-óg agus an críonna ag múscailt suas go croíúil,
Tá deireadh leis an oiche 'gus scaipeadh ar an gceo;
Tá mothú teacht 'sna daoine 'gus spioráid in a gcroíthe –
Ní bheidh said feasta cloite, faoi lionndubh nó faoi bhrón;
Tá 'n seanóir cnaptha cloíte go meidhreach is go siamsúil,
Tá lúcháir ar a chroí 'stigh 'gus tá sé ag éirí óg;
Tá fear, bean is paiste faoi riméad is faoi áthas -
Tá teanga bhinn ar máthar ag múscailt i Maigh Eo.
Tá Maigh Eo ina dúiseacht, le dóchas is le dúthracht,
I bhfiorthoiseach na cúise le n-ár dteanga 'chur ar fáil,
Tá solas geal na Gaeilge ag breacadh ar na spéartha
Is binn é ceol na n-éanlaith ag fuagairt dúinn an lá.
Tá an Comhlacht Forbartha Áitiúil, ‘s an Coláiste i nDú Éige
Go croíúil is go meabhlach ag crochadh a gcuid seol,
Tá Scoil Acla 'na réalt eolais dár stiúradh is dár dtreorú
'S cuirfimid bláth na hóige ar an nGaeilg' i Maigh Eo.
credits
from Oileán m'Aislingí / Island of my Dreams,
released October 24, 2022
Lyrics: Séamus O' Maoilfhia (1884-1928)
Music: John 'Twin' McNamara
Musical accompaniment: Scoil Acla Tutors and participants
John 'Twin' McNamara is one of Achill’s most important historians, folklorists and collector of songs, poetry and stories
associated with Achill and its connections to significant aspects of our local and national cultural heritage. His life has been dedicated to the promotion of Achill and in particular its language, music, and culture. He was the driving force behind the revival of Scoil Acla,...more
Adapting their calculated standards into a raw, live setting, the radical UK folk duo rework six highlights from their spellbindincatalogue. Bandcamp New & Notable Dec 7, 2022
Traditional folk music and field recordings meld into fascinating long-form sound collages on the new LP from Shovel Dance Collective. Bandcamp New & Notable Dec 6, 2022