Scríobh an file Pádraig Daeid ó Acaill/Iorras an dán seo ag tús na 20ú haoise. Tugadh ‘an Táilliúir Gorm’ ar Phádraig Daeid agus scríobh sé an dán mar dhán molta do bhean darbh ainm Nóra a thug béile dó lá amháin nuair a bhí sé ag dul go dtí an t-aonach. Seo ceann de na dánta is fearr le John 'Twin' agus cuireann sé a dheirfiúr, Nóra, a fuair bás ag aois óg, i gcuimhne dó. Chum John an ceol leis an amhrán seo.
This poem was written by the Achill/Erris poet Padraig Daeid at the beginning of the 20th century. Padraig Daeid was the known as an ‘Táiliúir Gorm’ and he wrote this poem in praise of a woman named Nóra who gave a meal to him one day he was going to the fair. This is one of John Twin’s favourite poems and it reminds him of his sister Nóra (below right) who died at a young age. John composed the music to this song.
lyrics
Bhí mé lá breá gréine,
'S mé triall a' dhul 'un aonaigh,
'S casadh liom an réalta gan smál.
D'fhiafraigh mé den spéir-bhean,
A mba bhanríon óg ón Ghréig í,
Arbh í Juno, Pallas nó Venus í, nó aingeal?
Tá a grua ar dhath na gcaortha,
'S a leaca bhí dá réir sin,
Mar 'tá an eala 's í ag éirí den tsnámh ,
'S a dúirt sí liom go céillí,
“Ní neach ar bith den méid sin,
Ach Nóra dheas na gcraobh-fholt Ní Bháidhidh."
'S a mhaighdean mhaiseach mhúinte,
'S a bhéilín tanaí ró-dheas,
'S a chúilín mar an ómar go sáil,
Cé gur milse blas do phóigín,
Ná mil na mbeach a reofadh ,
' S go dtabharfá na sluaite ón mbás.
An té 'chífeadh dul a' bóthar thú,
'S tú 'bheith in do chóiriú,
' Sé is samhail duit réalt eolais gan smál,
Is tú mian gach buachaill óig,
Is tú grá gach fear a phósadh thú
Is tú Nóra dheas na gcraobh-fholt Ní Bháidhidh.
credits
from Oileán m'Aislingí / Island of my Dreams,
released October 24, 2022
Lyrics: Padraig Daeid
Music: John 'Twin' McNamara
Musical accompaniment: Des Cafferkey (Whistle) & Laoise Kelly (Harp)
John 'Twin' McNamara is one of Achill’s most important historians, folklorists and collector of songs, poetry and stories
associated with Achill and its connections to significant aspects of our local and national cultural heritage. His life has been dedicated to the promotion of Achill and in particular its language, music, and culture. He was the driving force behind the revival of Scoil Acla,...more
Adapting their calculated standards into a raw, live setting, the radical UK folk duo rework six highlights from their spellbindincatalogue. Bandcamp New & Notable Dec 7, 2022
Traditional folk music and field recordings meld into fascinating long-form sound collages on the new LP from Shovel Dance Collective. Bandcamp New & Notable Dec 6, 2022