We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.
/
  • Streaming + Download

    Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
    Purchasable with gift card

      $1 USD  or more

     

about

Baineann an t-amhrán seo le hÉirí Amach 1798. Cé nach amhrán Acla é, bhí ceangail dhlútha idir 1798 agus Acaill tríd an Athair Mánus Mac Suibhne.

This song is associated with the 1798 rising. Although not an Achill song, 1798 has strong links with Achill through Fr. Manus Sweeney.

Bhailigh John 'Twin' an píosa seo de stair áitiúil ó Johnnie Moran, Dumha Acha. Nuair a bhí arm na Fraince agus Éireann ar a mbealach isteach go Caisleán an Bharraigh chun tabhairt faoin gcath cáiliúil ar a dtugtar ‘Rásaí Chaisleán an Bharraigh’, maraíodh an Francach a raibh bratach na reisiminte á hiompar aige agus thug fir as Dumha Cinn Aille in Acaill, den sloinne Ó Gallachóir agus Bairéid, an bhratach leo agus thug siad arm na Fraince agus Éireann isteach go Caisleán an Bharraigh. Tá an bhratach ar a bhfuil fuil ar taispeáint faoi láthair i dTeach Chathair na Mart.

John 'Twin' collected this piece of local history from Johnnie Moran, Dooagh. When the French/Irish army were entering Castlebar to engage in the famous battle known as 'The Castlebar Races’, the Frenchman carrying the regiment flag was slain and two men from Dookinella in Achill by the names of Gallagher and Barrett picked up the flag and led the French/Irish army into Castlebar. The blood-stained flag is currently on display in Westport House, which Humbert's troops occupied during the invasion.

lyrics

Má mholtar le scéal is le hamhrán,
Na fir a bhí tréan agus fíor,
Chuir clú agus cáil lena ndánacht
Ar ghleann agus sruthán ‘s sliabh.
Ná fágaigí ar deireadh na tréan-fhir
Do chruinnigh ar phlánaí Mhaigh Eo,
Nuair a ghnóthaigh na Gaill i Loch Garman
Siad muintir an Iarthair bhí beo!

Curfá
Seo sláinte na bhfear as an Iarthair díbh,
Do chruinnigh le cúnamh san ár!
Sheas siad in aimsir an ghéar-chaill
Seo sláinte fear Chonnacht go bráth!

Tháinig na longa lá Fómhair,
Go cuan Chill Ala ag snámh,
‘S bhíomar chomh fada ag súil leo
Gur shíleamar nach dtiocfadh go bráth.
Agus thosaigh na hadharca ag séideadh,
Ag fógairt go raigh siad ar fáil,
Agus corraíodh spreacadh in Éirinn
Nach múchfar i gConnacht go brath!

Curfá

Níor bhuail sé an dó dhéag san oíche
Gur shlánamar Cill Ala go breá:
‘S ní dheachaidh an ghrian síos ‘na dhiadh sin
Go raibh brat glas ar chúirt Bhéal an Átha.
Chruinnigh na céadta le cúnamh,
Agus mairfidh an scéal sin go buan;
An chaoi a raibh na redcoats á ruaigeadh
As Caisleán an Bharraigh go Tuaim.

Curfá

Agus goirim na Francaigh bhreá- láidre
Do tháinig le Humbert anall,
Mar thug siad dúinn croí agus misneach
Nuair a bhíomar go brónach sa ngábh!
Agus trócaire Dé ar na céadta
Do thit ‘s do leagadh san ár,
Tá a gcnámha faoi fhód glas na hÉireann
Agus cuimhneoimid orthu go brách!

Curfá

Má caitheadh le fána ár smaointe,
‘S ár ndóchas faoi scrios agus léan,
Tá an fíor-spiorad beo inár gcroíthe
Nach ngéillfidh don námhaid go héag!
Agus féach! Táimid réidh ar an nóiméad
A chluinfimid torann an áir
Ag fógairt do chlanna na hÉireann
Go bhfuil saoirse ár n-oileáin ar fáil!

Dara Curfá
Seo sláinte na gConnachtach fíora
Do chruinnigh le cúnamh san ár!
Siad togha agus rogha na tíre:
Seo sláinte sean-Chonnacht go bráth!

credits

from Oile​á​n m'Aislingí / Island of my Dreams, released October 24, 2022
Lyrics: William Rooney, Music: Traditional
Musical accompaniment: Diarmuid Gielty (Fiddle), Laoise Kelly (Harp)
Michael Lavelle (Whistles), Cian McNamara (Accordion)
& Kieran O’Malley (Uilleann pipes)

license

tags

about

John Twin McNamara

John 'Twin' McNamara is one of Achill’s most important historians, folklorists and collector of songs, poetry and stories associated with Achill and its connections to significant aspects of our local and national cultural heritage. His life has been dedicated to the promotion of Achill and in particular its language, music, and culture. He was the driving force behind the revival of Scoil Acla, ... more

contact / help

Contact John Twin McNamara

Streaming and
Download help

Report this track or account

If you like John Twin McNamara, you may also like: