We’ve updated our Terms of Use to reflect our new entity name and address. You can review the changes here.
We’ve updated our Terms of Use. You can review the changes here.
/
  • Streaming + Download

    Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.
    Purchasable with gift card

      $1 USD  or more

     

about

Scríobh Peadar Mac Siurtáin an t-amhrán seo in Acaill thart ar an bhliain 1800. Bhí Mac Siurtáin ina bhall d’arm Humbert i 1798 agus ghlac sé páirt sa chath ar a dtugtar 'Rásaí Chaisleán an Bharraigh'. Tar éis gur bualadh na Francaigh agus na hÉireannaigh i mBéal Átha na Muc, d’éalaigh Mac Siurtáin agus fuair sé dídean in Acaill, áit ar scríobh sé an t-amhrán. Tá cuntas sa leabhar ‘Fánaíocht i gContae Mhaigh Eo’ le Seosamh Mag Uidhir ar Pheadar Mac Siurtáin a bheith ina chónaí i sráidbhaile an Chaoil. Is é an t-amhrán is cáiliúla ó Acaill.
_________________________________________________________

This song was written in Achill circa 1800 by Peadar MacSiurtáin. MacSiurtáin was a member of Humbert's army in 1798 and took part in the battle referred to as 'The Races of Castlebar'. After the defeat of the French-Irish army in Ballinamuck, MacSiurtáin went on the run and took refuge in Achill. Seosamh MacGuighire's book 'Fánaíocht i gContae Mhaigh Eo' contains a record of Peadar MacSiurtáin living in the village of Keel. It is the most famous Achill song.

lyrics

Dá mbéinnse féin i Mám a' Ghártha,
Dúch is páipéir a bheith agam ann,
Ba dheas do scríobhfainn i ndubh is i mbán é,
An moladh álainn a bhí ar a ghleann.
'Sé a d'iarrfainn d'impí ar Rí na nGrásta,
Intleacht Hómair a bheith in mo cheann,
Is gur lena mhaitheas ba mhian liom a thrácht air,
Ach faraor géar go bhfuil m'intleacht fann.


'Sé dúirt fear as Acaill liom , "Ná bíodh ort buaireamh
Ná bí ag gol is ag éagcaoin in éis Chúil na Binn ,
Tabharfaidh mise bean duit agus dhá chéad bó léi,
Agus acra móinéir in aghaidh an chinn.
Bád is eangacha 'gus bíom in éineacht,
Le go dtabharfá éadáil isteach ón tuinn,
'gus sílim féin gur fearr an méid sin,
Ná a bheith ag gol is ag éag-caoin in éis Chúil na Binn."


Dá dtabharfá bean dom agus dhá chéad bó léi,
Acra móineir in aghaidh gach cinn,
A bhfuil de bháid is d'eangacha as seo go Bófinn
Saibhreas Sheoirse ar fad gan roinn
B'fhearr liom acra den bhogach bháite,
Atá idir an Máimín agus Inse an Droighin,
Cead rince le cailíní lá saoire 's Domhnaigh,
Thart ar na bóithre úd, i gCúl na Binn.

Dá mbeadh a fhios ag na cruaidhfhir,
Atá ar thaobh Ghleann Néifinn,
Go bhfuil mise i m'aonrachán i mo luí go tinn,
Gan spás ar bith chuirfeadh faoi mo dhéinse
eachra gléigeala is cóiste cinn.
Ghléasfaí bainis flea 's féasta,
Spóirt 's pléisiúr is togha gach ceoil,
Bheadh dhá chéad fear againn ar meisce in éineacht,
I dteach Tom Daly i gCúl na Binn


Tá litir scríofa agam anois faoi sheoladh,
A chuireas mé amárach go Cúl na Binn,
Go bhfuil mé 'mo luí le tuilleadh is ráithe,
Buartha cráite le tinneas cinn.
Ach mar bhfaighe me fhóirithint ó Rí na nGrásta,
Is bheith in mo shláinte arís mar is cóir,
Gléastar tuamba agus cónra clár dhom ,
Go síntear amárach mé ag bun Shliabh Mór.


Tá na coillte dlúth ann ar thaobh Gleann Néifinn,
Tá an duilliúr chraobh ghlas ag sileadh síos ,
Tá an chuach 's an traonach ar chraobh 's ar fhéir ann ,
Ag seinm go héadrom gach 1á 's d'oíche.
Tá na daoine uaisle ar bharr a' tsléibhe ann ,
Ag déanamh eirligh ar chearca fraoigh,
Ta an bradán broinngheal ag tíocht ón tsáile ann,
Ag fearaibh Éireann le fáil gan pighin.

Tá an loch is sáimhe ann dá bhfuil in Éirinn,
Tá na báid ag éirí air ó thonn go tuinn,
'S don té a chleachtaí é is atá anois dhá thréigint
Nach beag an dochar dó a chroí a bheith tinn?
Ach más é an cúrsa a gheall Dia domsa,
Gur le méid mo chumhaidh nó go liathfaidh mo cheann,
Mo chúig chéad slán leat, a Bhoth a’ Dúin.
Is do na coillte dlútha údaigh atá i gCúl na Binn.


Ní cháinfead Acaill cé gur maith liom ‘fhágáil,
Is deas an áit é ag stráinséaraí,
Tá bia 'gus leabaidh ann ‘s míle fáilte,
Agus comhrá geanúil ann ag fear is ag mnaoi.
Ach mar iasc na farraige a thuigeans le nádúr,
In éis a dháta a chaitheadh amuigh faoin tuinn,
‘Sé ‘fhearacht agam-sa, dá bhfaighinn an pálás,
B’fhearr liom áras beag i gCúl na Binn.


An té a shiúil Sasana is páirt d’Eirinn,
Shiúil sé an Ghréig is an Ghearmáin,
Chuaigh go hAlbain gur chaith sé téarma ann,
As sin don Fhrainc is ar ais don Spáinn.
D’aithriseoinn scéal duit, dar liom ní bréag sin,
Shiúil mé Éirinn uilig gan roinn,
‘S ar a bhfaca mé de shiams’ ‘s de phléisiúr,
Is ag Malaí Fhéilim nó thoir ag an Toim.

credits

from Oile​á​n m'Aislingí / Island of my Dreams, released October 24, 2022
Lyrics: Peadar MacSiurtáin
Music: Traditional
Musical accompaniment: Cian McNamara (Accordion)

license

tags

about

John Twin McNamara

John 'Twin' McNamara is one of Achill’s most important historians, folklorists and collector of songs, poetry and stories associated with Achill and its connections to significant aspects of our local and national cultural heritage. His life has been dedicated to the promotion of Achill and in particular its language, music, and culture. He was the driving force behind the revival of Scoil Acla, ... more

contact / help

Contact John Twin McNamara

Streaming and
Download help

Report this track or account

If you like John Twin McNamara, you may also like: