Baineann an t-amhrán seo leis an gCaiptín Ó Máille, a bhí ar thrádálaí mara idir an Eoraip agus Éirinn go déanach sa 19ú aois.
Cuireann sé tús lena aistear san amhrán ag bun Aillte Mhionnáin ar Oileán Acla. Bhí saol eachtrúil aige ach fuair sé bás i dteach na mbocht i gCathair na Mart, ar an drochuair.
Tá cúntas i mbailiúchán Dúchais ó na 1930's de Seán Ó Máille, Dú Acha, ag bailiú an t-amhrán seo óna sheanathair Tomás Ó Máille (Nat) de bhunú Oileán Cliara.
Bhuaigh John 'Twin' an comórtas amhránaíochta sinsearach i bhFleadh Cheoil Chonnachta agus an t-amhrán seo á chanadh aige i 1987.
_______________________________________________________
This song is about An Caiptín Ó Máille who was a sea trader between Europe and Ireland in the late 19th century. He was related to the famous sea pirate Gráinne Mhaol and in the song he starts off his journey at the bottom of Minaun cliffs in Achill. He lived an adventurous life but alas died in the poor house in Westport.
There is a record in the Dúchas Schools' collection from the 1930's of John O'Malley, Dooagh, collecting this song from his grandfather Tomás O'Máille (Nat) who was a native of Clare Island.
John 'Twin' won the senior singing competition in the 1987 Connacht Fleadh Cheoil singing this song.
lyrics
An chéad lá de mhí an Fhómhair sea chrochamar na seoltaí,
ag tarraingt ar na cóstaí go Tóin an Mhionnáin thiar,
Thart anseo le Cliara agus Acaill Bheag taobh thiar dhe,
Go hlnis Toirc ár dtrialladh, mar bhí iarraidh orainn ann;
Suas le Rinn a’ Mhaoile agus anuas go Cruach na Caoile,
An Cloigeann lena thaobh sin ‘s Trá Bhríde ina dhiaidh,
Nó gur dhoirteamar le fánaidh, anuas tré fharraige cháithte,
Go ndeachaigh muid chun na Ráithe, mar is ann a bhí ár dtriall.
Ag scinneadh dhúinn thar Árainn ansúid a neartaigh an gáladh,
Bhí cúrsa istigh ar sáith againn ‘s níor thráth dhá fhailliughadh é;
Chuaigh an oíche chun feochan is as sin chun cuacha móra,
Thóigeamar ár seolta, ‘s níor mhór dhúinn féin é;
Shéid an fharraige ‘s phleasc sí ina mama geala glégeala,
Chrith orainn an spéir le duibhthean ‘s le ceo
Ansúid a bhí na ceolta ag bloic 's ag rópaí
An Zephyr bhocht gur leonadh í ins na tonntracha bhí tréan
Tráth theann mé uirthi an téadach chrith sí thrí na chéile
A cuid ádhmaid bhí ag pléascadh ‘s gach nidh dhá raibh ós a coinn
Thosaigh sí ag lúbadh ‘s ag imeacht mar bheadh cú ann
Ag baint amharc as mo shúile ‘s níor léir liom mo lámh
An sneachta adtuaidh dhá shéideadh go cruaidh isteach in m’éadan
An fhairraige bhí ag pléascadh ins an spéir os mo choinn
Trí dhul de rópa cnáibe bhí ar mo chum chaol fáisgthe
Nach gar a chuaigh an bás dhom ‘s mé lag sáruighthe ina cheann
Bhí fuireann na luinge in éineacht ag breathnú ar chlár m’éadan
Ag iarraidh orm cabhair a dhéanamh gan aon mhaith dhóbhtha ann
Agus tá mo láimhe stróicthe go síoraí ag tarraingt rópaí,
Tá an craiceann is an fheoil ‘s iad tarraingthe amach on gcnáimh
‘Sé dúirt mé leobhtha ar aon chur go ndéanfainn cabhair dhá bhféadfainn
Acht iomchróchad uirthi an t-éadach an fhad ‘s féidir léithe snámh
Ach más é an bás a gheall Mac Dé dhúinn, dheamhan cabhair dhúinn dhá shéanadh
Acht ólam sláinte a chéile má théimid beo chun cuain
Ag filleadh dhúinn go hÉirinn bhí fíon is brandy is tae againn
Tabac agus Siméice is gach aon tsórt dá raibh ann
Bhí píosa fada síoda agus scafanna dhá dhaoire
Cé bith cailín óg is mian liom is di shínfeas mé mo lámh
Is mór an chliú ‘s an t-ádh dhúinn ár gceann a thabhairt chun láthair
Gan againn acht ár namhaid ins gach áit dá raibh ár dtriall
Bí water-guards ina ngárd ann ‘gus póilíos lena sála
‘Gus Revenue na háite is gach spíodóir ghá ndeachaidh leo.
Bhí cutters bheag is mór ann ‘s píleóití salacha leofa
Luingis Rí Seoirse ‘s iad sa tóir orm go dian.
Ach is mise Caiptín Máille, fear maith de chineál Ghráinne
A chuirfeadh amach a lucht go sásta, ‘gus ná raibh maith acu dhá chaoin.
credits
from Oileán m'Aislingí / Island of my Dreams,
released October 24, 2022
Lyrics: Caiptín Ó Máille
Music: Traditional
Musical accompaniment: Caoilte Ó Cuanaigh (Keyboard)
John 'Twin' McNamara is one of Achill’s most important historians, folklorists and collector of songs, poetry and stories
associated with Achill and its connections to significant aspects of our local and national cultural heritage. His life has been dedicated to the promotion of Achill and in particular its language, music, and culture. He was the driving force behind the revival of Scoil Acla,...more
Adapting their calculated standards into a raw, live setting, the radical UK folk duo rework six highlights from their spellbindincatalogue. Bandcamp New & Notable Dec 7, 2022
Traditional folk music and field recordings meld into fascinating long-form sound collages on the new LP from Shovel Dance Collective. Bandcamp New & Notable Dec 6, 2022